Skip to main content

Tearmann Éanna – Oifigeach Tacaíochta Seirbhíse

Fógra Poist – Oifigeach Tacaíochta Seirbhíse

Oibríonn agus tacaíonn Tearmann Éanna CTR le daoine scothaosta, lena dteaghlaigh agus lena ndaoine muinteartha a dteastaíonn uathu éileamh agus úsáid a bhaint as an réimse seirbhísí atá á sholáthar ag an eagraíocht mórthimpeall cheantar feidhme Chonamara Theas. Is í an Ghaeilge teanga oibre Thearmann Éanna.

Is mian le Tearmann Éanna CTR Oifigeach Tacaíochta Seirbhíse a earcú, lonnaithe i gceannáras na heagraíochta ar An Tulach, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe.

Ag freagairt don Bhainisteoir Ginearálta, beidh an tOifigeach Tacaíochta Seirbhíse freagrach as:

  • Bainistiú shruthanna oibre, uainchlár oibre, agus saoire na gcúramóirí
  • Tacaíocht agus stiúradh laethúil a thabhairt d’fhoireann chúramóirí
  • Cumarsáid le gaolta cliant agus bainistiú coimhlinte go foighneach
  • Freagairt ar fiosrúcháin ón FSS laistigh de thréimhsí ama shonracha
  • Tá scileanna láidre i Microsoft 365 (go háirithe Excel), cumas eagraíochta, foighne agus tuiscint mhaith ar oibríochtaí laethúla na seirbhíse riachtanach don ról seo.

Is í an Ghaeilge teanga oibre Thearmann Éanna agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.

Is iad na gnáthuaireanta oibre oifige an 9:00rn go 5:00in ó Luan go Déardaoin agus 9:00rn go 4:00in ar an Aoine.

Faoin gConradh um Bunuaireanta Oifige, lena gclúdaítear 39 uair an chloig in aghaidh na seachtaine, íocfar Olltuarastail Bliantúil €35,000 – €40,000. Ba chóir d’iarrthóirí a bheith ar an eolas go dtosófar an tuarastal ag an bpointe íosta ar an scála tuarastail, agus nach ndéanfar aon athrú ar an bpointe tosaigh seo.

Má tá suim agat sa phost seo, déan iarratas le Bainisteoir Thearmann Éanna ag bainisteoir@tearmanneanna.ie agus seolfar sonraí an phoist chugat.

Iarrtar ort cuntas gairid (100 focal ar a mhéid) ar do thaithí bhainistíochta agus tacaíochta foirne a chur faoi iamh le do litir iarratais agus CV roimh an 4in ar an 11 Samhain 2025.